Main menu:
2008-2009 > Imeachtaí
Turas Scoile
B.Á.C.
An Déardaoin an 28ú lá de Bhealtaine a bhí ann. D’éirigh muid go moch ar maidin. Bhuail muid lenár gcairde agus Mr. Kilbane ag geata na scoile ag a sé a chlog. Tháinig an bus agus d’fhág muid an scoil.
Stop muid i mBaile Uí Fhiacháín chun Ms. Burns a phiocadh suas. Stop muid arís i mBeál Átha na Muice agus cheannaigh Mr. Kilbane ‘Jumbo Breakfast Rolls’ dúinn. Bhí siad go hálainn.
Shroich muid Páirc an Chróchaigh ar a leathuair tar éis a deich. Chuaigh muid isteach sa Mhusaem ar dtús agus ansin bhí turas again. Thaitin Páirc an Chróchaigh go mór le gach duine.
Ina dhiadh sin thug muid cuairt ar Cholaíste na Tríonóide chun an ‘Book of Kells’ a fheiceáil.
Ag leathuair tar éis a dó chuaigh muid go dtí Dáil Éireann. Bhuail muid le Micheál Ó Rinn T.D. agus cheannaigh sé deoch agus seacláid do gach duine. (Na múinteoirí chomh maith!!!) Bhí turas againn sa Dáil freisin.
Faoin am seo bhí muid stiúgtha leis an ocras. Chuaigh muid go dtí Eddie Rockets i Liffey Valley agus bhí dinneár deas againn. Bhí uair a chlog againn ag siopadóireacht san Ionad Siopadoireachta. D’fhag an bus B.A.C. ag a sé a chlog. Stop muid i gCaisléan a’Bharraigh agus d’ith muid McFlurrys.
Shroich an bus an scoil ag a deich a chlog. Bhí muid tuirseach traochta. Bhí an-lá go hiontach agus bhain gach duine taithneamh as.