Main menu:
2007-2008 > Imeachtaí
Oíche Shamhna 2007
Is breá linn Oíche Shamhna i mBun a' Chorraigh. I mbliana bhí alán maisiúcháin suas sa scoil. Rinne muid cuid de na maisiúcháin agus cheannaigh na múinteoirí na maisiúcháin eile. Rinne seomra Mr. Kilbane, puimcíní deasa. Rinne siad vaimpírí freisin. Rinne Megan, Nollaig, Maitiú, Roisín, Elena agus Cathal ciseáin áille as cartáin bainne. Bhí seomra Mrs Hanley, an-ghníomhach freisin, rinne siad maisc agus scríobh siad scéalta freisin.