S.N. Naomh Seosamh


Go to content

Main menu:


Lá 'le Pádraig 2010

2009-2010 > Imeachtaí

Lá 'le Pádraig 2010

An 17ú lá de mhí an Mhárta a bhí ann. Lá Fhéile Pádraig a bhí ann. Dhúisigh mé go moch ar maidin. D’éirigh mé as mo leaba. D’ith mé mo bhricfeasta. Chuir mé éide an bhanna ceoil orm. Chuaigh mé ar Aifreann.
Nuair a bhí an t-aifreann thart ,thosaigh an banna ceoil ag seinm ceoil. Sheinn muid ‘Seán South’ ar dtús agus thug gach duine bualadh bos mór dúinn.


Sheinn muid ‘Fáinne Geal an Lae’, ‘Ireland’s Call’, ‘Let Erin Remember’, ‘Na Trí Bhláth’, ‘Wrap the Green Flag’, ‘Jacket’s Green’, ‘Three Leaf Shamrock’, ‘Lá ‘le Pádraig’, ‘Rattlin Bog’, ‘John Doherty’s Mazurka’ agus ‘Star of the County Down’.

Sheas gach duine suas nuair a sheinn muid ‘Amhrán na bhFiann’. Sheinn muid 'Fáinne Geal an Lae' ag an deireadh agus mháirseáil muid amach as an seipeál. Duirt gach duine go raibh muid ar fheabhas.

Chuidigh Lorraine go mór i mbliana agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil léi.


Bhí Lá 'le Pádraig ag teacht agus rinne muid flótaí agus Shamrock Men. Nach bhfuil siad go hálainn

Baile | 2010-2011 | 2009-2010 | 2008-2009 | Oifig na Scoil | 2007-2008 | Naisc/Links | Down Memory Lane | Site Map


Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh, Bun a'Chorraigh, Acaill, Co. Mhuigheo. | oifig@snnaomhseosamh.com

Back to content | Back to main menu