Main menu:
2009-2010 > Brat Glas
Brat Glas 2010
Thug muid cuairt ar an bhfeirm gaoithe i mBéal Átha Chomhraic ar an Aoine an 28ú lá de mhí na Bealtaine 2010. Bhuail muid le Michael agus Pat ag an ngeata agus thug siad muid go dtí an fheirm. Ar dtús chonaic muid na túir. Stop siad túr amháin agus d’inis siad duinn conas a oibríonn siad. Tá 21 túr i mBéal Átha Chomhraic. Thóg Bord na Mona an fheirm gaoithe i 1992. Chuaigh muid isteach i dtúr amháin. Chuir Maitiú an túr ag obair arís. Chuaigh muid isteach sa control room freisin agus chonaic muid an ríomhaire a oibríonn gach rud. Bhí an túr gaoithe iontach ar fad agus bhain muid an taithneamh as an lá.
Ar an mbealach abhaile stop muid ag an bpáirc spraoi i mBaile Cruaiche. Bhí orainn go leor fuinnimh a úsáid agus muid ag rith agus ag súgradh sa pháirc.